Skip to main content

Cad a dhéanann LMÉ?

Feidhmíonn LMÉ ina chumasóir do pháirtithe leasmhara maidir le litearthacht sna meáin in Éirinn. Tá sé mar aidhm againn ardán a chruthú chun idirphlé agus malartú smaointe a éascú, agus chun forbairt a dhéanamh ar thionscadail inbhuanaithe maidir le litearthacht sna meáin.

Táimid gníomhach i gceithre phríomhréimse:

Comhordú

Tá sé mar aidhm againn a bheith ar an gcéad phointe teagmhála chun tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara maidir le litearthacht sna meáin (náisiúnta agus idirnáisiúnta). Cuirimid tacaíocht, comhairle agus treoir ar fáil do raon leathan páirtithe leasmhara maidir le litearthacht sna meáin sa bhaile agus thar lear.

Nuálaíocht

Tá sé mar aidhm againn forbairt tionscadal, clár agus idirghabhálacha nua i litearthacht sna meáin a spreagadh, a chothú agus a éascú. Clár amhail Gradaim LMÉ.

Cumarsáid

Tá sé mar aidhm againn plé agus díospóireacht a chothú maidir le gach gné den litearthacht sna meáin in Éirinn d’fhonn saincheisteanna atá ag teacht chun cinn, bearnaí sa soláthar agus deiseanna comhoibrithe a aithint. Foilsímid nuachtlitir mhíosúil, eagraímid imeachtaí agus deiseanna líonraithe do bhaill.

Cur chun cinn

Tá sé mar aidhm againn neart, raon agus saineolas bhaill an LMÉ a úsáid chun béim a chur, ar bhealach coiteann, ar shaincheisteanna a bhaineann le litearthacht sna meáin agus chun treoir a thabhairt d’fhoinsí tacaíochta trí fheachtais feasachta poiblí il- pháirtithe leasmhara, amhail Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin, Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte, Seachtain Dhomhanda Litearthachta sna Meáin agus Seachtain Eorpach Litearthachta sna Meáin.

Ballraíocht

Creidimid nach féidir le haon eagraíocht amháin ár bhfís a bhaint amach aisti féin . Aithnímid go gcuirfidh baill litearthacht sna meáin chun cinn ar bhealaí éagsúla ag amanna difriúla.

Tá fáilte roimh aon duine nó eagraíocht, a bhfuil spéis acu i litearthacht sna meáin nó atá in ann litearthacht sna meáin a chur chun cinn, a bheith ina bhall. Ní mór do chomhaltaí foirm iarratais a líonadh agus a gcuid spéise agus taithí i litearthacht sna meáin a léiriú.

Tá ballraíocht saor in aisce ach táthar ag súil go roinnfidh baill a gcuid scileanna, eolais, taithí agus acmhainní i litearthacht sna meáin le baill eile. Cuidíonn baill LMÉ ar bhealaí éagsúla mar shampla:

  • Páirt a ghlacadh, ar bhonn deonach, sa Ghrúpa Stiúrtha, sa Phainéal Grúpa Oibre agus i sainghrúpaí oibre.
  • Tacaíocht phraiticiúil a chur ar fail nó leas a bhaint as gníomhaíochtaí ar nós imeachtaí, cruinnithe, cumarsáide, tionscadal agus feachtas.
  • Acmhainní riaracháin nó maoinithe a sholáthar.

Balleagraíochtaí

  • Advertising Standards Authority of Ireland
  • Age Action
  • ALIA (Autorité luxembourgeoise indépendante de l’audiovisuel)
  • An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
  • AONTAS
  • Arts Council of Ireland
  • Association of Advertisers in Irelands
  • Barnardos
  • Broadcasting Authority of Ireland
  • Buymedia
  • Carnegie UK Trust
  • CDETB Curriculum Development Unit
  • Clonmel Community Training Centre
  • Coláiste Dhúlaigh College of Further Education
  • COMMIT – Community Medien Institut für Weiterbildung, Forschung und Beratung
  • Community Radio Castlebar
  • Community Radio Ireland
  • Cork Community Media Hub
  • CRAOL
  • Creative Europe Desk Ireland
  • CyberSafeKids
  • DCU Institute for Future Media and Journalism
  • Department of Communications, Climate Act and Environment
  • Dublin Business School
  • Dublin City University
  • Dublin North East Community Communications Cooperative T/A NEAR Media Co-op
  • Dun Laoghaire Further Education Institute
  • East Asia Film Festival Ireland
  • EAVI
  • Educate Together
  • EurAV European Audio Visual CLG
  • Europe Direct Information Centre Blanchardstown
  • Facebook
  • Flirt FM 101.3
  • Gaelscoil Ultain
  • Galway Film Fleadh/Junior Galway Film Fleadh
  • Getting Better Foundation
  • Google Ireland
  • Headline
  • HSE National Office for Suicide Prevention
  • IFI
  • Inishowen Community Media Network
  • Instinctif Partners
  • Institute for Strategic Dialogue
  • Institute of Advertising Practitioners in Ireland
  • INTO
  • Journal Media Ltd
  • Kavaleer Productions
  • Kinia
  • Laura Millar Archival and Information Services
  • Léargas
  • Learning Waves
  • Legitimate
  • Library Association of Ireland
  • Limerick and Clare Education and Training Board
  • Limerick Institute of Technology
  • Mary Immaculate College, Limerick City.
  • Maynooth University
  • McGann Media
  • Media Literacy Bulgaria
  • MSD Ireland
  • National Adult Literacy Agency (NALA)
  • National Council for Curriculum and Assessment
  • National Youth Council of Ireland
  • Newsbrands Ireland
  • Northern Ireland Screen
  • NUI Galway
  • Ofcom
  • Office of the Press Ombudsman
  • Pavee Point Traveller & Roma Centre
  • Politics and Society Association of Teachers in Ireland
  • Professional Development Service for Teachers
  • Public Relations Consultants Association (PRCA)
  • Public Relations Institute of Ireland (PRII)
  • Quality and Qualifications Ireland
  • RTE
  • RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Safefood
  • Scoil Chonglais
  • Security First
  • Sexual Violence Centre Cork
  • Shout Out UK
  • Skibbereen community school
  • SKY Ireland
  • Social Justice Ireland
  • SOLAS
  • South Dublin Libraries
  • Swift Media and Training
  • Tall Tales Podcasts
  • Technological University of Dublin
  • TG4
  • The Institute for Future Media and Journalism (FUJO)
  • TikTok
  • TinPot Productions
  • Tipp Mid-West Radio
  • Trend Micro
  • TU Dublin (Tallaght Campus)
  • Twitter
  • UCD
  • UCD School of Language, Cultures and Linguistics
  • University of Oklahoma
  • University of Winchester
  • Uplift
  • Upstander
  • Virgin Media Ireland
  • Webwise
  • Wired FM
  • Young Irish Film Makers
  • Youthreach – Department of Education and Skills
  • &Smyth Creative Communications

STRUCHTÚR NA HEAGRAÍOCHTA

Mar atá leagtha amach i dTéarmaí Tagartha LMÉ, is eintiteas é LMÉ a bhfuil a chumhachtaí cinnteoireachta, a struchtúr eagraíochta agus a fhreagrachtaí féin aige. Oibríonn baill LMÉ ar bhonn deonach chun LMÉ a rith.

Soláthraíonn Grúpa Stiúrtha ina bhfuil 14 chomhalta (agus beirt chomhchathaoirleach) treoir straitéiseach don LMÉ. Tagann an Grúpa Stiúrtha le chéile 3 go 4 huaire sa bhliain. Toghtar 3 – 4 chomhalta nua as an mballraíocht gach dhá bhliain.

Tá breis is 100 ball LMÉ mar chuid de Phainéal an Ghrúpa Oibre. Tagann an painéal seo le chéile 3 go 4 huaire sa bhliain chun pleananna agus tionscadail do LMÉ a mholadh, a fhorbairt agus a fheabhsú. Oibríonn grúpaí beaga daoine aonair ó Phainéal an Ghrúpa Oibre ar thionscadail ar leith amhail Gradaim LMÉ nó an Feachtas, Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin.

Buail leis an nGrúpa Stiúrtha (PDF)

I measc na bPríomhdhaoine tá:

An tOllamh Brian O’Neill

Comhchathaoirleach an Ghrúpa Stiúrtha

Stephanie Comey

Comhchathaoirleach an Ghrúpa Stiúrtha

An Dr. Eileen Culloty

Leas-Chathaoirleach an Ghrúpa Stiúrtha

Martina Chapman

Comhordaitheoir Náisiúnta info@medialiteracyireland.ie

Fan suas chun dáta

Bí linn trí chlárú dár nuachtlitir inniu.





Féach ar ár bpolasaí príobháideachais leis an gcaoi a n-úsáidfimid do chuid faisnéise agus conas a choimeádfaimid do chuid faisnéise sábháilte.