Skip to main content

Maidir le Gradaim LMÉ

Ón mbliain 2023, tugann clár Ghradaim LMÉ aitheantas don obair iontach atá á déanamh ar fud na hÉireann chun cabhrú le daoine, go háirithe taobh istigh de phobail, chun scileanna litearthachta sna meáin a fhorbairt ionas gur féidir leo sár-úsáid a bhaint as na meáin.

Trí dhíriú ar raon agus ar chaighdeán na dtionscnamh litearthachta sna meáin atá á reáchtáil, tá sé mar aidhm againn dea-chleachtas a chur chun cinn agus nuálaíocht, comhoibriú agus meastóireacht sna tionscadail maidir le litearthacht sna meáin a spreagadh.

Tá gradaim 2026 ar oscailt anois le haghaidh iontrálacha!

Féach na buaiteoirí ó bhlianta roimhe anseo:

– Gradaim LMÉ 2023

– Gradaim LMÉ 2024

– Gradaim LMÉ 2025

 

Catagóirí Ghradaim 2026

    • Catagóir Ghradaim 1: An Tionscnamh Litearthachta Meán Is Fearr a Dhíríonn ar Dhaoine ÓgaNí foláir nó gur dhírigh an tionscnamh seo ar leanaí nó ar dhaoine óga faoi 18 mbliana d’aois, atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann.Ní foláir nó gur chabhraigh an tionscnamh cumhacht a thabhairt don spriocghrúpa chun scileanna, eolas agus/nó cumais a fhorbairt chun gur féidir leo roghanna feasacha a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán a úsáideann siad, a chruthaíonn siad agus a scaipeann siad gach lá.Níl tionscadail nó tionscnaimh a bhain gradam LMÉ amach roimhe seo incháilithe.
    • Catagóir Ghradaim 2: An Tionscnamh Litearthachta Meán is Fearr a dhíríonn ar dhaoine scothaostaNí foláir nó gur dhírigh an tionscnamh seo ar dhaoine atá 65 bliain d’aois nó os a chionn, atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann.Ní foláir nó gur chabhraigh an tionscnamh cumhacht a thabhairt don spriocghrúpa chun scileanna, eolas agus/nó cumais a fhorbairt chun gur féidir leo roghanna feasacha a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán a úsáideann siad, a chruthaíonn siad agus a scaipeann siad gach lá.Níl tionscadail nó tionscnaimh a bhain gradam LMÉ amach roimhe seo incháilithe.
    • Catagóir Ghradaim 3: An Tionscnamh Litearthachta Meán Pobalbhunaithe is FearrNí foláir nó gur dhírigh an tionscnamh seo ar dhaoine atá ina gcónaí i bpobal (tíreolaíoch nó i bpobal comhleasa), ar oileán na hÉireann.Ní foláir nó gur chabhraigh an tionscnamh cumhacht a thabhairt don spriocghrúpa chun scileanna, eolas agus/nó cumais a fhorbairt chun gur féidir leo roghanna feasacha a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán a úsáideann siad, a chruthaíonn siad agus a scaipeann siad gach lá.Níl tionscadail nó tionscnaimh a bhain gradam LMÉ amach roimhe seo incháilithe.
    • Catagóir Ghradaim 4: An Tionscnamh Litearthachta Meán Ginearálta is FearrNí foláir nó gur chabhraigh an tionscnamh (go díreach nó go hindíreach) cumhacht a thabhairt do dhaoine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann scileanna, eolas agus/nó cumais a fhorbairt chun gur féidir leo roghanna feasacha a dhéanamh faoi ábhar agus seirbhísí na meán a úsáideann siad, a chruthaíonn siad agus a scaipeann siad gach lá.Níl tionscadail nó tionscnaimh a bhain gradam LMÉ amach roimhe seo incháilithe.
    • Catagóir Ghradaim 5: An Tionscnamh Litearthachta Meán Mórscála is FearrNí foláir nó gur chabhraigh an tionscnamh (go díreach nó go hindíreach) cumhacht a thabhairt do dhaoine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann scileanna, eolas agus/nó cumais a fhorbairt chun gur féidir leo roghanna feasacha a dhéanamh faoi ábhar agus seirbhísí na meán a úsáideann siad, a chruthaíonn siad agus a scaipeann siad gach lá.Ní mór don tionscnamh ceann de na critéir a leanas a chomhlíonadh:
      • A bheith á chur ar fáil ar leibhéal náisiúnta; nó
      • A bheith ina thríú (nó níos mó) bliain as a chéile; nó
      • A bheith ag feidhmiú ar bhuiséad os cionn €75,000 sa bhliain.

      Níl tionscadail nó tionscnaimh a bhain gradam LMÉ amach roimhe seo incháilithe.

    • Catagóir Ghradaim 6: An Tionscnamh Litearthachta Meán Chumarsáide is Fearr faoi Stiúir na MeánNí foláir nó gur thug eagraíocht, gairmí nó comhshaothar na meán seo tacaíocht rialta d’obair LMÉ agus/nó gur cuireadh teachtaireachtaí litearthachta sna meáin chun cinn trína gcainéil, trí mhodh cumhachtaithe agus suimiúil, do dhaoine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann.Níl tionscadail nó tionscnaimh a bhain gradam LMÉ amach roimhe seo incháilithe.
  • Gradam na Moltóirí – gradam speisialta roghnach. Ní féidir iarratais ná ainmniúcháin a chur isteach don ghradam seo. Ní féidir an gradam a bhronnadh ach amháin má aontaíonn na moltóirí gur fiú aitheantas a thabhairt do thionscadal nó do dhuine ar leith as an gcion eisceachtúil a chuir an tionscadal nó an duine sin le cur chun cinn na litearthachta sna meáin in Éirinn.

Dátaí

  • Cuirfear tús le glacadh le hiontrálacha Dé Máirt, an 7 Iúil 2026. Déan iarratas anseo.
  • Is é Dé hAoine, an 4 Meán Fómhair 2026, an spriocdháta chun iontrálacha a chur isteach.
  • Fógrófar go luath sonraí faoi ionad agus am shearmanas bronnta na ngradam.

Trófaithe

Gheobhaidh buaiteoirí na gcatagóirí trófaí álainn lámhdhéanta, agus gheobhaidh na tionscadail ar bronnadh Ardmholadh orthu plaic balla álainn de chuid Ghradaim LMÉ. Ba é Cian Magill ó Magill Woodcraft Ireland a dhear agus a rinne de láimh é. Tá an dearadh bunaithe ar léiriú teibí ar shúil léargais – siombail den chumhacht atá ionainn, cumhacht is féidir a bhaint amach le buanseasmhacht agus le creideamh ionainn féin. Tá sé spreagtha freisin ag coincheapa na feasachta agus na smaointeoireachta criticiúla, agus ag an bhfonn atá ar dhuine difear dearfach a dhéanamh sa saol.