Skip to main content

Próiseas iarratais

Go raibh maith agat as spéis a léiriú maidir le hiontráil a chur isteach ar Ghradaim LMÉ!

Roghnaigh le do thoil cé acu de na catagóirí gradaim seo a leanas ar mhian leat iontráil a chur isteach. Léigh na Téarmaí agus Coinníollacha agus na critéir mheasúnaithe sula gcomhlánaíonn tú d’iontráil.

Trí iontráil a chur isteach aontaíonn tú le téarmaí an chomórtais.

Catagóirí Gradaim

An idirghabháil litearthachta is fearr sna meáin faoi stiúir na hóige

Áirítear sa chatagóir seo aon tionscadal, acmhainn, tionscnamh nó gníomhaíocht a chruthaigh, nó a sheachaid daoine óga in aois scoile (5 – 18 ), a chuir scil amháin ar a laghad chun cinn faoi mar atá leagtha amach i bPolasaí Údarás Craolacháin na hÉireann um Litearthacht sna Meáin.

Ba chóir go gcuirfeadh úinéir (nó tuismitheoir/caomhnóir má tá sé faoi 18) an tionscadail an t-iarratas isteach.

An idirghabháil litearthachta is fearr sna meáin

Áirítear sa chatagóir seo aon tionscadal, acmhainn, tionscnamh a chuir scil amháin ar a laghad chun cinn faoi mar atá leagtha amach i bPolasaí Údarás Craolacháin na hÉireann um Litearthacht sna Meáin. Ba chóir d’úinéir an tionscadail an t-iarratas a chur isteach.

Seaimpín na Meán Litearthachta sna Meáin

Tugtar aitheantas sa chatagóir seo don obair a rinne duine nó eagraíocht chun próifíl litearthachta sna meáin a ardú sna meáin chumarsáide in Éirinn. Is féidir leis an duine aonair, leis an eagraíocht nó le tríú páirtí iontrálacha don chatagóir seo a chur isteach don Ghradam seo.

Gradaim Rannchuidithe do bhall LMÉ

Tugtar aitheantas sa chatagóir seo don rannchuidiú sonrach atá déanta ag ball den LMÉ chun litearthacht sna meáin a chur chun cinn. Is féidir le haon bhall LMÉ ball eile LMÉ a ainmniú don ghradam seo. Ní mór duit a bheith i do bhall de LMÉ chun ainmniúchán a dhéanamh sa chatagóir seo agus ní mór do gach ainmní a bheith ina chomhalta den LMÉ freisin. Ní ghlactar le féin-ainmniúchán sa chatagóir seo. Tugtar aitheantas sa chatagóir seo don obair a rinne duine nó eagraíocht chun próifíl litearthachta sna meáin a ardú sna meáin chumarsáide in Éirinn. Is féidir leis an duine aonair, leis an eagraíocht nó le tríú páirtí iontrálacha don chatagóir seo a chur isteach don Ghradam seo.