Skip to main content

T&C maidir le Gradaim LMÉ

Ní mór d’iontrálacha bailí treoirlínte ginearálta an chomórtais agus na treoirlínte catagóirí ábhartha a chomhlíonadh.

 

Eolas Ginearálta

  • Tá na gradaim seo á n-eagrú ag Litearthacht sna Meáin, Éire – comhar neamhspleách idir daoine aonair agus eagraíochtaí a oibríonn le chéile ar bhealach neamhfhoirmeálta agus ar bhonn deonach den chuid is mó chun litearthacht maidir leis na meáin chumarsáide a chur chun cinn in Éirinn.  Déanann Coimisiún na Meán éascaíocht do LMÉ. 
  • Is é an 31 Iúil 2024 an dáta tosaigh a mbeidh glacadh le hiarratais. Is é an 20 Meán Fómhair 2024 an dáta deiridh a mbeidh glacadh le hiarratais.
  • Is féidir le duine aonair, grúpa nó eagraíocht ar oileán na hÉireann cur isteach ar na gradaim seo.
  • Fógrófar na buaiteoirí tráth nach deireanaí ná trí mhí tar éis an dáta deiridh le hiarratas a chur isteach.

 

  • Níl aon costas chun iontráil a dhéanamh ar an nGradaim.

 

  • Is éard atá in iontráil bhailí ná foirm iontrála atá comhlánaithe go hiomlán, trí úsáid a bhaint as suíomh gréasáin medialiteracyireland.ie. Ba cheart an fhaisnéis tacaíochta a théann leis an iontráil a  uaslódáil leis an bhfoirm iontrála NÓ é a sheoladh ar ríomhphost chuig info@medialiteracyireland.ie  roimh mheán oíche an 20/9/24.

 

  • Roghnóidh painéal neamhspleách moltóirí an iontráil bhuaiteach i ngach catagóir as na hiontrálacha bailí a fuarthas. Is cinneadh críochnaitheach é an cinneadh agus ní dhéanfar aon chomhfhreagras ina leith. 

 

  • Tá an tionscnóir eisiata ó dhliteanas i leith aon chaillteanas, damáiste nó díobháil a d’fhéadfadh tarlú don bhuaiteoir mar gheall gur ghlac sé/sí leis an ngradam.
  • D’fhéadfadh sé go n-iarrfar ar an mbuaiteoir páirt a ghlacadh i bpoiblíocht neamhíoctha a bhaineann le bolscaireacht, poiblíocht a dhéanann an tionscnóir nó a chuideachtaí gaolmhara.

 

  • Taispeánfar na hiontrálacha buaiteacha ar www.medialiteracy.ie agus ar shuíomh gréasáin ball eile den LMÉ agus ar chainéil na meán sóisialta.

 

  • Measfar go nglacfar go hiomlán agus go neamhchoinníollach leis na téarmaí agus coinníollacha maidir le hiontráil chuig na gradaim seo.

 

  • Áirítear leis na gníomhaíochtaí cur chun cinn, ach níl siad teoranta do na nithe seo a leanas: fógraíocht ar líne, cur chun cinn ar na meáin shóisialta agus trí shuíomh gréasáin www.medialiteracy.ie.

 

  • Forchoimeádann Litearthacht sna Meáin, Éire an ceart na téarmaí agus na coinníollacha seo a leasú.

 

  • Beidh na téarmaí agus coinníollacha seo á rialú ag dlíthe na hÉireann agus faoi réir dhlínse Chúirteanna na hÉireann.

 

  • Ní ghlactar le haon fhreagracht i leith iontrálacha atá caillte, moillithe, míthreorach nó neamhiomlán nó iontrálacha nach féidir a sheachadadh nó a chur isteach ar aon chúis theicniúil nó eile. Ní cruthúnas go bhfuarthas an iontráil cruthúnas ar sheachadadh na hiontrála.

 

  • Caithfidh gach iontráil a bheith ina saothar bunaidh de chuid na ndaoine aonair atá i gceist agus níor cheart sárú a dhéanamh ar chearta cóipchirt/trádmhairc

 

  • Ní mór iontrálacha a chur isteach i mBéarla ach is féidir fianaise tacaíochta a chur isteach i nGaeilge

 

Treoirlínte breise faoin Tionscnamh Litearthachta Meán is Fearr a dhíríonn ar dhaoine óga

  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gurbh leanaí agus daoine óga faoi 18 bliana d’aois atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann an spriocghrúpa.
  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur cuidíodh lena chur ar chumas an spriocghrúpa scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur reáchtáladh é idir mí Feabhra 2023 agus mí Feabhra 2024.

 

Treoirlínte breise faoin Tionscnamh Litearthachta Meán is Fearr a dhíríonn ar dhaoine scothaosta 

  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gurbh daoine scothaosta 65 bliana d’aois agus níos sine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann an spriocghúpa.
  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur cuidíodh lena chur ar chumas an spriocghrúpa scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur reachtáladh é idir mí Feabhra 2023 agus mí Feabhra 2024.

 

Treoirlínte breise faoin Tionscnamh Litearthachta Meán Pobalbhunaithe is Fearr

  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gurbh daoine a bhaineann le dream faoi leith den phobal (ó thaobh cúrsaí tíreolaíochta nó saintréithe eile) atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann an spriocghúpa.
  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur cuidíodh  lena chur ar chumas an spriocghrúpa scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur reachtáladh é idir mí Feabhra 2023 agus mí Feabhra 2024.

 

Treoirlínte breise faoin Tionscnamh Litearthachta Meán Ginearálta is Fearr 

  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur cuidíodh (go díreach nó go hindíreach) lena chur ar chumas dhaoine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur reachtáladh é idir mí Feabhra 2023 agus mí Feabhra 2024.

 

Treoirlínte breise faoin Tionscnamh Litearthachta Meán Chumarsáide is Fearr faoi Stiúir na Meán 

  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur shaothraigh an eagraíocht meán cumarsáide, saothraí gairmiúil sna meáin chumarsáide nó comhpháirtíocht meán cumarsáide go seasta leanúnach ag treisiú le hobair LMÉ agus/nó ag cur teachtaireachtaí faoi litearthacht maidir leis na meáin chumarsáide chun cinn ar a gcuid cainéal, ar bhealach atá neartaitheach spéisiúil ag daoine a bhfuil cónaí orthu ar oileán na hÉireann.
  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur tharla an saothrú idir mí Feabhra 2023 agus mí Feabhra 2024