Skip to main content

Painéal na Moltóirí

Cuirfear foireann moltóireachta le chéile a bheidh comhdhéanta de thriúr, idir bhaill ón LMÉ, agus saineolaithe neamhspleácha ar an LMÉ, do gach gradam. Déanfar an mholtóireacht ar líne trí chruinniú ar Zoom.

Ní cheadaítear do mholtóirí iontráil a chur isteach ar an gcatagóir a bhfuil moltóireacht á déanamh acu féin air, ná a bheith bainteach le hainmniúchán don chatagóir a bhfuil siad ag déanamh moltóireachta air.

Déanfar measúnú ar gach catagóir gradaim faoi na critéir atá leagtha amach thíos agus féadfar ualú a chur i bhfeidhm ar roinnt critéar, ag brath ar an gcatagóir.

Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an Phainéil Moltóireachta.Más mian leat a bheith san áireamh don Phainéal Moltóireachta, seol ríomhphost chuig info@medialiteracyireland.ie

Na moltóirí ag déanamh athbhreithnithe ar iontrálacha Gradaim LMÉ 2023

Incháilitheacht

Catagóir Ghradaim 1: An Tionscnamh Litearthachta Meán Is Fearr a Dhíríonn ar Dhaoine Óga

Ní foláir nó gur dhírigh an tionscnamh seo ar leanaí nó ar dhaoine óga faoi 18 mbliana d’aois, atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann.

Ní foláir nó gur chabhraigh an tionscnamh cumhacht a thabhairt don spriocghrúpa chun scileanna, eolas agus/nó cumais a fhorbairt chun gur féidir leo roghanna feasacha a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán a úsáideann siad, a chruthaíonn siad agus a scaipeann siad gach lá.

Níl tionscadail nó tionscnaimh a bhain gradam LMÉ amach roimhe seo incháilithe.

Catagóir Ghradaim 2: An Tionscnamh Litearthachta Meán is Fearr a dhíríonn ar dhaoine scothaosta

Ní foláir nó gur dhírigh an tionscnamh seo ar dhaoine atá 65 bliain d’aois nó os a chionn, atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann.

Ní foláir nó gur chabhraigh an tionscnamh cumhacht a thabhairt don spriocghrúpa chun scileanna, eolas agus/nó cumais a fhorbairt chun gur féidir leo roghanna feasacha a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán a úsáideann siad, a chruthaíonn siad agus a scaipeann siad gach lá.

Níl tionscadail nó tionscnaimh a bhain gradam LMÉ amach roimhe seo incháilithe.

Catagóir Ghradaim 3: An Tionscnamh Litearthachta Meán Pobalbhunaithe is Fearr

Ní foláir nó gur dhírigh an tionscnamh seo ar dhaoine atá ina gcónaí i bpobal (tíreolaíoch nó i bpobal comhleasa), ar oileán na hÉireann.

Ní foláir nó gur chabhraigh an tionscnamh cumhacht a thabhairt don spriocghrúpa chun scileanna, eolas agus/nó cumais a fhorbairt chun gur féidir leo roghanna feasacha a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán a úsáideann siad, a chruthaíonn siad agus a scaipeann siad gach lá.

Níl tionscadail nó tionscnaimh a bhain gradam LMÉ amach roimhe seo incháilithe.

Catagóir Ghradaim 4: An Tionscnamh Litearthachta Meán Ginearálta is Fearr

Ní foláir nó gur chabhraigh an tionscnamh (go díreach nó go hindíreach) cumhacht a thabhairt do dhaoine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann scileanna, eolas agus/nó cumais a fhorbairt chun gur féidir leo roghanna feasacha a dhéanamh faoi ábhar agus seirbhísí na meán a úsáideann siad, a chruthaíonn siad agus a scaipeann siad gach lá.

Níl tionscadail nó tionscnaimh a bhain gradam LMÉ amach roimhe seo incháilithe.

Catagóir Ghradaim 5: An Tionscnamh Litearthachta Meán Mórscála is Fearr

Ní foláir nó gur chabhraigh an tionscnamh (go díreach nó go hindíreach) cumhacht a thabhairt do dhaoine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann scileanna, eolas agus/nó cumais a fhorbairt chun gur féidir leo roghanna feasacha a dhéanamh faoi ábhar agus seirbhísí na meán a úsáideann siad, a chruthaíonn siad agus a scaipeann siad gach lá.

Ní mór don tionscnamh ceann de na critéir a leanas a chomhlíonadh:

  • A bheith á chur ar fáil ar leibhéal náisiúnta; nó
  • A bheith ina thríú (nó níos mó) bliain as a chéile; nó
  • A bheith ag feidhmiú ar bhuiséad os cionn €75,000 sa bhliain.

Níl tionscadail nó tionscnaimh a bhain gradam LMÉ amach roimhe seo incháilithe.

Catagóir Ghradaim 6: An Tionscnamh Litearthachta Meán Chumarsáide is Fearr faoi Stiúir na Meán

Ní foláir nó gur thug eagraíocht, gairmí nó comhshaothar na meán seo tacaíocht rialta d’obair LMÉ agus/nó gur cuireadh teachtaireachtaí litearthachta sna meáin chun cinn trína gcainéil, trí mhodh cumhachtaithe agus suimiúil, do dhaoine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann.

Níl tionscadail nó tionscnaimh a bhain gradam LMÉ amach roimhe seo incháilithe.

Critéir

Is iad seo a leanas na critéir mheasúnaithe maidir leis an bpróiseas moltóireachta:

  • Critéar 1: Cumhachtú an Spriocghrúpa le scileanna LMÉ (C3, 4, 6, 7, 8)
  • Critéar 2: Tionchar Tionscadail (C. 6, 8)
  • Critéar 3: Cuimsiú (C.9)
  • Critéar 4: Cur Chuige maidir le Comhoibriú (C.10)
  • Critéar 5: Cur Chuige maidir le Nuálaíocht (C.4)
  • Critéar 6: An Próiseas Meastóireachta. Baineann an critéar seo leis an bpróiseas meastóireachta, in ionad torthaí an tionscadail. (C.12)