Skip to main content

Glac Páirt

Chun páirt a ghlacadh inár líonra LMÉ, líon an fhoirm iarratais thíos agus léirigh an spéis agus an
taithí atá agat i litearthacht sna meáin. Tá an bhallraíocht saor in aisce, ach táthar ag súil go roinnfidh
baill a scileanna, a n-eolas, a dtaithí agus a n-acmhainní a bhaineann le litearthacht sna meáin le baill
eile. Mar bhall, beidh tú in ann teacht ar imeachtaí do bhaill amháin, beidh tú in ann teagmháil
dhíreach a dhéanamh le baill eile mar aon le deiseanna comhoibrithe a iniúchadh.

Is féidir le baill nuacht agus imeachtaí a chur isteach lena bhfoilsiú ar an suíomh gréasáin. Is féidir
taighde, tionscadail agus acmhainní a chur ar an suíomh gréasáin agus teacht ar bhaill eile den LMÉ.
Leis an mballraíocht, tugtar deis duit tosaíocht a thabhairt do chuirí chuig imeachtaí líonra, vóta a
chaitheamh i dtoghcháin don Ghrúpa Stiúrtha agus cuirfear ar ár liosta seoltaí tú, liosta a úsáidimid le
haghaidh nuashonruithe a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le LMÉ agus litearthacht sna meáin a
scaipeadh. Trí chlárú mar bhall is féidir leat páirt a ghlacadh i nGrúpaí Oibre le baill eile den LMÉ ar
thionscadail LMÉ.

Arna éascú ag Údarás Craolacháin na hÉireann, is líonra ball deonach é LMÉ a thagann ó réimse
éagsúil earnálacha, eagraíochtaí agus lucht spéise chun litearthacht sna meáin a chur chun cinn in
Éirinn. Is é an aidhm atá againn ná daoine a chumasú chun roghanna eolacha a dhéanamh faoi
ábhar agus seirbhísí na meán a úsáideann siad, a chruthaíonn siad, agus a scaipeann siad ar gach
ardán.
Más mian leat clárú don nuachtlitir LMÉ amháin, cliceáil anseo.