Skip to main content

Buaiteoirí Ghradaim Litearthacht sna Meáin Éire 2024

Comhghairdeas leis na buaiteoirí agus na hiarratasóirí ar fad atá ar an ngearrliosta!

MLI Awards 2024 group photo

Is é is aidhm do na gradaim seo aitheantas a thabhairt do thionscnaimh a thugann cumhacht do dhaoine aonair agus do phobail a bhfuil scileanna litearthachta sna meáin acu. Bhí caighdeán iontrálacha 2024 eisceachtúil, rud a léiríonn na bealaí éagsúla agus nuálacha a bhfuil litearthacht sna meáin á soláthar ar fud na hÉireann.

Tháinig baill dár bpainéal moltóireachta le chéile sé huaire i ngrúpaí de thriúr agus de cheathrar chun na hiarratais go léir a mheas go cúramach. Bhí Martina Chapman, Comhordaitheoir Náisiúnta LMÉ, ina breathnóir ar na himeachtaí.

Ár mbuíochas ó chroí leis na moltóirí seo a leanas a roinn a gcuid ama, léargas agus eolais go fial:

Andrew Byrne (Coimisiún na Meán), Eileen Culloty (OCBÁC), Eileen Morrissey (Cumann Leabharlann na hÉireann), Fred Boss (An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta), Jane McGarrigle (Webwise), Karen McAuley (Coimisiún na Meán), Lisa Buckley (NewsBrands Ireland), Máire Aoibhinn Ní Ógáin (TG4), Mick McCaffrey (Virgin Media), Ricardo Castellini da Silva, Stephanie Comey (Coimisiún na Meán) agus Susan Daly (The Journal Media).

Fógraíodh na buaiteoirí foriomlána ag imeacht Ghradaim LMÉ an 21 Samhain 2024, arna óstáil go cineálta ag Virgin Media.

Buaiteoir an Tionscnaimh is Fearr do Dhaoine Scothaosta maidir le Litearthacht sna Meáin

The DiSeRA project

  • Ceapadh an tionscadal seo chun cuidiú le daoine scothaosta i gceantair thuaithe eolas ar líne a láimhseáil níos sábháilte agus bréagaisnéis a aithint. Seachadadh é san Iodáil, sa Mhacadóin Thuaidh, sa tSlóvaic agus in Éirinn, agus d’fhorbair EurAV na huirlisí foghlama closamhairc do gach ceann de na ceithre thír.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Thaitin cineál ilghnéitheach an tionscnaimh seo go mór linn agus go raibh sé fréamhaithe go mór i bpobail áitiúla. Go háirithe, thaitin sé linn gur shroich an tionscadal daoine scothaosta i bpobail nach gcloistear ach go hannamh uathu trí shuíomhanna pobail eolacha.’

Ainmní ar an ngearrliosta

The Joe Finnegan Show

  • D’óstáil seó raidió Joe Finnegan máinliacht dhigiteach ar an aer d’éisteoirí, agus chuir Bainisteoir Meán Sóisialta Norther Sounds comhairle agus treoir ar fáil maidir leis an mbealach is fearr chun an teicneolaíocht dhigiteach atá mar chuid dár saol ar fad a úsáid.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Is iontach an rud é seónna raidió áitiúla a fheiceáil ag glacadh leis an ábhar seo agus ag cuidiú le haghaidh a thabhairt ar riachtanais um litearthacht sna meáin a n-éisteoirí trí aschur ardcháilíochta.’

Buaiteoir an Tionscnaimh is Fearr do Dhaoine Óga maidir le Litearthacht sna Meáin

Scenario X

  • Is tionscadal uaillmhianach gearrscannáin é seo le Scannánóirí Luimnigh atá ag Teacht Chun Cinn rud a chuir ar chumas daoine óga dhá ghearrscannán ardchoincheapa a chur i láthair, a cheapadh, a léiriú agus a sheachadadh le fíorbhuiséid agus tacaíocht ghairmiúil.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Is tionscnamh iontach é seo a chuir ardleibhéal cumhachtaithe ar fáil trí fheabhas a chur ar thuiscint chriticiúil na rannpháirtithe ar na meáin, trí fhéinmhachnamh agus léiriú cruthaitheach a spreagadh. Trí thaithí phraiticiúil, d’fhéadfadh daoine óga téamaí casta meán, scéalaíocht, uirlisí cumarsáide agus teanga scannáin a fhiosrú.’

Ainmnithe ar an ngearrliosta

An clár Into Film Games

  • Is clár cluichí oideachasúla é seo atá maoinithe ag NI Screen agus atá deartha chun scileanna um litearthacht sna meáin a fhorbairt do dhaoine óga idir 5–19 mbliana d’aois.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Is tionscnamh den scoth é seo a úsáideann cluichí mar bhealach chun daoine óga a chumhachtú chun smacht a fháil ar a dtomhaltas meán agus chun scileanna scéalaíochta agus cumadh carachtar a fhorbairt.’

The Rubbish Film Festival

  • Is tionscnamh oideachasúil é seo de chuid Createschool atá dírithe ar litearthacht sna meáin agus feasacht ar an gcomhshaol a fheabhsú i measc scoláirí na hIdirbhliana in Éirinn. Trí ghearrscannáin a chruthú ar ábhair chomhshaoil, foghlaimíonn scoláirí chun na meáin a úsáid go freagrach, faisnéis a fhíorú agus teachtaireachtaí cruinne a chur in iúl.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Is tionscnamh iontach é seo a bhain úsáid as cuir chuige an-spéisiúil agus nuálacha amhail litearthacht sna meáin agus litearthacht chomhshaoil a nascadh, agus bhí gnéithe láidre piaroideachais agus comhoibríocha mar bhonn taca leis.’

Buaiteoir an Tionscnaimh Phobalbhunaithe is Fearr maidir le Litearthacht sna Meáin

Questions Matter

  • Chuir an tionscnamh seo ón Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh agus 80:20 leis an acmhainn Facts Matter agus bhí sé mar aidhm aige smaointeoireacht chriticiúil agus litearthacht sna meáin dhigiteacha a chur chun cinn trí chuir chuige frithbhochtaineachta agus ionchuimsithe shóisialta.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Léirigh an iontráil seo cur chuige fíorchuimsitheach agus suimiúil maidir le bualadh le daoine san áit ina bhfuil siad agus gníomhaíochtaí praiticiúla agus indéanta a thairiscint chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna móra. Bhí an mhicreafhoghlaim thar a bheith nuálach, le fianaise ar ardleibhéil idirghníomhaíochta.’

Ainmnithe ar an ngearrliosta

Workshop in a Box Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin 

  • Dhear EDMO Ireland agus LMÉ an acmhainn oiliúna seo le bheith ina tacaíocht inrochtana agus inúsáidte chun cuidiú le ceannairí pobail oiliúint um litearthacht sna meáin a chur ar fáil i gcroílár a bpobal.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Is acmhainn iontach é seo a bhfuil raon leathan aige, lena n-áirítear leabharlanna, scoileanna agus gach ball den phobal. Tá sé an-inoiriúnaithe, agus tugann an fhianaise le fios go leanfaidh sé sin de bheith ag dul chun cinn agus ag forbairt.’

Go Leor Guthanna, Ríocht Amháin

  • Dhírigh an tionscnamh seo ó Radio Kerry ar ghuthanna imeallaithe agus tearcionadaithe a chumhachtú laistigh den phobal áitiúil, rochtain a thabhairt dóibh ar an stáisiún, iad a dhéanamh níos muiníní as na meáin, agus ligean dóibh teachtaireacht dá rogha féin a scríobh agus a tháirgeadh.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Is tionscnamh an-chruthaitheach agus cumhachtaithe é seo a thug na scileanna agus an t-eolas do dhaoine ó phobail nach gcloistear ach go hannamh uathu chun meáin a chruthú agus chun páirt a ghlacadh iontu, agus an tairbhe bhreise a bhaineann leis an ábhar a tháirgtear a bheith úsáideach chun cur i gcoinne insintí míchruinne faoi na pobail sin.’

Ábhair Dhóchais agus Phriacail na hIntleachta Saorga Giniúnaí don Chúram Sláinte

  • Leis an tionscnamh taighde seo ó Choláiste Náisiúnta na hÉireann, fiosraítear ábhair dhóchais agus phriacail IS, go háirithe na hábhair imní a bhaineann le dinimic na cumhachta, caidrimh pholaitiúla agus cúrsaí ceartais a théann in éindí le giniúint, úsáid agus úinéireacht sonraí.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Tionscadal an-fhiúntach go deo atá sa cheann seo inar léiríodh cur chuige fíornuálach i leith tacaíocht a thabhairt do phobail faoi mhíbhuntáiste, ina raibh faisnéis so-inrochtana agus inar nascadh neamhionannais sonraí le neamhionannais sláinte. Tá sé fréamhaithe go han-mhaith i bpobail áitiúla.

Buaiteoir an Tionscnaimh is Fearr faoi Stiúir na Meán maidir le Litearthacht sna Meáin

Seó Bóthair ‘Tú Féin agus na Meáin Dhigiteacha’

  • Cuireadh an seó bóthair raidió seo ó Beat 102 103 i láthair go pearsanta do níos mó ná 20 scoil san oirdheisceart. Ba iad láithreoirí mór le rá ón stáisiún raidió réigiúnach don óige a bhí chun tosaigh sa tionscnamh seo, agus shroich sé os cionn 2,000 scoláire sa Chéad Bhliain i gcaitheamh tréimhse ceithre mhí, agus tá sé ar fáil ar líne i gcónaí.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Tionscnamh den scoth é seo. Sár-shampla é den chaoi ar féidir leis na meáin tionscadail um litearthacht sna meáin a mheallann a lucht spéise go mór a fhorbairt agus a sholáthar. Ba léir go ndearnadh cuid mhór machnaimh i ngach céim den tionscadal.’

Ainmnithe ar an ngearrliosta

An Feachtas Raidió ‘Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin’

  • Arna chomhordú ag Learning Waves, cuireadh teachtaireacht an fheachtais náisiúnta Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin 2023 chun cinn ar an aer agus ar líne ar fud líonra de 31 stáisiún raidió neamhspleách.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Tugann an tionscnamh seo léiriú den scoth ar an ról cumhachtach atá ag an raidió áitiúil maidir le litearthacht sna meáin a chur chun cinn, agus ar mhéid dochreidte a lucht spéise ar fud na tíre, go háirithe i ndáil leis an teachtaireacht Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin a scaipeadh.’

The Knowledge Bank

  • Cuireann an tionscnamh seo, arna chruthú ag foireann The Journal FactCheck, stór beo míniúchán ar fáil don phobal maidir le topaicí a bhíonn de shíor ina n‑ábhair chonspóide sa spás ar líne in Éirinn, chomh maith le hábhar maidir le litearthacht sna meáin agus sa nuacht is féidir a rochtain agus a roinnt chun cuidiú le scileanna smaointeoireachta criticiúla a chothú.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Sár-shampla é seo de thionscadal atá ar aistear. Baineann suntas leis toisc go leagtar béim ann ar dhaoine a chumhachtú trí bhíthin na seiceála fíricí agus an úsáid a bhaintear as ábhar agus topaicí tarraingteacha a bheadh mealltach do lear mór daoine agus ar dóigh iad a bheith úsáideach ar bhonn leanúnach.’

TG4

  • Leis an iontráil seo, cuireadh forléargas ar fáil ar an raon mór bealaí atá in úsáid ag an gcraoltóir náisiúnta TG4 chun litearthacht sna meáin a chur chun cinn agus tacú le LMÉ.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Léirigh an iontráil seo an iliomad bealaí ar féidir le heagraíochtaí meán úsáid éifeachtach a bhaint as a lucht spéise, acmhainní agus saineolas chun litearthacht sna meáin a chur chun cinn ar bhonn fadtéarmach.’

Buaiteoir an Tionscnaimh Ghinearálta is Fearr maidir le Litearthacht sna Meáin

Webwise

  • Is é seo Ionad na hÉireann um Fheasacht ar Shábháilteacht Idirlín a chuireann úsáid níos sábháilte agus níos fearr an idirlín chun cinn trí thionscnaimh múscailte feasachta agus oideachais a dhírítear ar oideoirí, páistí, daoine óga agus tuismitheoirí.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Iontráil fíorláidir a bhí sa cheann seo inar cuireadh fianaise shoiléir ar fáil maidir leis an spriocphobal a chumhachtú agus tionchar a thabhairt ach úsáid a bhaint as cineálacha cur chuige nuálacha agus próiseas tréan meastóireachta a chur i bhfeidhm.’

Ainmnithe ar an ngearrliosta

Modúl um Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha

  • Is é is aidhm don mhodúl seo le haghaidh scoláirí MA in COBÁC ná oiliúint a chur ar shaoránaigh le go mbeidh siad liteartha sna meáin ach tacar comhtháite d’inniúlachtaí a fhorbairt a bhaineann le heolas agus scileanna a bhfuil gá leo don saol agus don obair i saol domhanda digiteach an lae inniu i gcomhthéacsanna éagsúla.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Thaitin an tionscnamh seo go mór linn, mar aon leis na modhanna a úsáideadh lena sholáthar. Ba chúis spéise ar leith dúinn é cruthú na seaimpíní litearthachta sna meáin, agus táimid ag tnúth le féachaint conas a thiocfaidh forbairt ar an tionscnamh agus conas a athróidh na torthaí.’

i-HealthFacts

  • Is seirbhís iontaofa seiceála fíricí sláinte ar líne é seo lena gcuirtear ar a chumas don phobal ceisteanna a chur isteach maidir le maímh shláinte a gcastar orthu ar fud na meán uile agus lena soláthraítear faisnéis shaincheaptha, ábhartha agus thráthúil nach bhfuil ar fáil aon áit eile. https://ihealthfacts.ie/
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Acmhainn láidir den chéad scoth é seo a forbraíodh agus a soláthraíodh ar ardchaighdeán le hacmhainní teoranta agus is ann d’acmhainneacht bhreise ina leith, go háirithe i ndáil leis an gcaoi a bhféadfaí é a chur chun chinn a thuilleadh.’

Uisce Faoi Thalamh: Iniúchadh ar Bhréagaisnéis ar Líne in Éirinn

  • Leis an tionscadal taighde seo ón Institiúid um Idirphlé Straitéiseach, déantar mapáil ar scála, raon feidhme agus tionchar na bréagaisnéise ar líne in Éirinn, agus tá sé d’aidhm aige tacar sonraí láidir a chur ar fáil chun eolas a thabhairt don lucht déanta beartas.
  • Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí: ‘Bhí muid an-tógtha leis an tionscadal seo, agus thug muid dár n‑aire a chuimsithí is a bhí sé agus an úsáid a d’fhéadfadh raon mór páirtithe leasmhara a bhaint as, go háirithe ós cosúil nach ndéanann aon dream eile in Éirinn é.’

Buaiteoirí Ghradam Aitheantais Speisialta na Moltóirí

Máire Aoibhinn Ní Ógáin

Tugadh aitheantas do Mháire Aoibhinn Ní Ógáin as TG4 as an tacaíocht dhaingean a thug sí do Litearthacht sna Meáin, Éire.

An Dr Ricardo Castellini da Silva

Tugadh aitheantas do Ricardo as an ról lárnach a bhí aige sa chlár oiliúna pobail Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin agus as ‘Workshop in a Box’ Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin a fhorbairt.