Skip to main content

MEMBER SPOTLIGHT: Máire Aoibhinn Ní Ógáin

Máire Aoibhinn Ní Ógáin is TG4’s Head of Archives and she is the MLI Steering Group member representing the Public Service Media Sector.

Is é an ról atá aici polasaí cartlainne an stáisiúin a fhorbairt agus cartlann TG4 a bhainistiú agus a chur chun cinn. 

Is ball de Ghrúpa Stiúrtha LMÉ í Máire Aoibhinn ar son earnáil na meán seirbhíse poiblí.

‘Tá ról tábhachtach agus freagracht ar leith ag na meán seirbhíse poiblí a chinntiú go ndéantar gach a bhaineann le Litearthacht sna Meáin a áireamh i ngach gné de sholáthar, de bhailiú agus de scaipeadh eolais.

Chuige sin tá Máire Aoibhinn mar ionadaí de chuid TG4 tar éis a bheith ina comhalta gníomhach de ghrúpa oibre Litearthacht sna Meáin, Éire, ó bunaíodh é.

Tá sí ina cathaoirleach ar ghrúpa oibre Gaeilge den LMÉ. Grúpa oibre a bhfuil sé mar aidhm aige feasacht ar Litearthacht sna Meáin a chur chun cinn i measc phobal labhartha na Gaeilge agus a chinntiú le cabhair agus le spreagadh go bhfuil cuimsiú na Gaeilge ag baill líonra Litearthachta na Meán ina gcuid oibre.

I measc na rudaí atá bainte amach ag an ngrúpa oibre tá, leagan Gaeilge den fheachtas “Bíodh tuiscint agat ar an meáin”, seimineár gréasáin Cogar mogar-víreas na mífhaisnéise in Éirinn i bpáirt le RTÉ Raidió na Gaeltachta, leagan Gaeilge den suíomh gréasáin de chuid LMÉ agus Gluais de théarmaí Gaeilge agus Béarla a bhaineann le Litearthacht sna Meáin.

Within TG4, Máire Aoibhinn’s role is to develop archive policy, to manage, maintain, preserve, and promote the archive.  

“Public Service Media have a vital role, and a responsibility, in ensuring that a media literacy agenda is included in all aspects of information provision, collection, and dissemination.”

As TG4’s representative in MLI, Máire Aoibhinn has been an active member of the Media Literacy Ireland’s Working Group Panel since its foundation. 

She set up and is chair of the MLI Irish Language working group. A working group whose aim it is to promote Media Literacy awareness among Irish language speakers and to ensure, encourage, assist, and normalise the inclusion of the Irish Language by members of the Media Literacy network in their endeavors.

Among the undertakings to date of the working group are the Irish language version of the Be Media Smart Campaign, Cogar mogar-víreas na mífhaisnéise in Éirinn Webinar with RTÉ Raidió na Gaeltachta, the Irish language version of the MLI website and a Glossary of Irish and English language Media Literacy related terminology.