Skip to main content

BÍODH TUISCINT AGAT AR NA MEÁIN 2023 Clár Traenála Pobail

Sa Chlár Traenála Pobail ‘Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin’, cuirtear acmhainní agus traenáil saor in aisce ‘Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin’ ar fáil do cheannairí pobail chun cuidiú le daoine eile ina bpobal.

Réamhrá

Anois, níos mó ná riamh, tá sé ríthábhachtach go n-úsáideann daoine faisnéis chruinn iontaofa agus cinntí bunaithe ar eolas á ndéanamh acu – cibé an mbaineann na cinntí sin le cúrsaí sláinte, polaitíochta, eacnamaíochta nó aon ghné eile dá saol.

Is tionscnamh le Litearthacht sna Meáin, Éire é Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin a spreagann daoine Stopadh, Smaoineamh agus Seiceáil an bhfuil an fhaisnéis a léann siad, a fheiceann siad nó a chloiseann siad iontaofa agus cruinn.

Bhí Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin ag feidhmiú mar fheachtas feasachta poiblí roimhe seo in 2019, 2020 agus in 2021. Reáchtálfar an tionscnamh in 2023 le linn mhí Dheireadh Fómhair agus cuirfear teachtaireacht an fheachtais ar fáil ar fud na tíre ar an teilifís, ar an raidió, i bhfoilseacháin nuachta agus ar líne agus treoraítear daoine den phobal chuig bemediasmart.ie chun leideanna, treoir agus tacaíocht a fháil.

Clár Traenála ‘Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin’

Gné lárnach den fheachtas i mbliana ná clár pobalbhunaithe i leith traenáil litearthachta sna meáin a d’fhorbair EDMO agus Litearthacht sna Meáin, Éire.

Is é aidhm an chláir traenála ná líonra traenálaithe pobalbhunaithe a fhorbairt a bheidh in ann cuidiú le daoine aonair, pobail agus le hinstitúidí faisnéis chruinn iontaofa a aithint agus a mheas d’fhonn cinntí bunaithe ar eolas a dhéanamh.

Le sraith de sheisiúin ar líne ‘Traenáil an Traenálaí’, cuirfear ar chumas na n-éascaitheoirí foghlama pobalbhunaithe an t-eolas riachtanach, na huirlisí, na teicnící agus na hacmhainní a úsáid chun Ceardlanna ‘Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin’ a chur ar fáil ina bpobail féin. Is é an Dr. Ricardo Castellini da Silva, oideoir Litearthachta sna Meáin agus Taighdeoir Iardhochtúireachta le hInstitiúid DCU um Meáin Todhchaí, Daonlathas agus Sochaí a fhorbróidh an traenáil sin agus a chuirfidh an traenáil ar fáil. Táthar ag súil go mbeidh na seisiúin traenála ar líne ar siúl i lár mhí Mheán Fómhair agus go mairfidh siad 2-3 uair an chloig (amanna, dátaí agus fad le deimhniú ag brath ar éileamh).

An bhfuil suim agat ann?

  • An leabharlannaí, múinteoir, traenálaí, cóitseálaí nó ceannaire pobail nó grúpa thú?
  • An bhfuil suim agat tuilleadh a fhoghlaim faoi mar is féidir leat faisnéis iontaofa chruinn ar líne a aithint agus a dhearbhú?
  • An mbeifeá in ann gealltanas a thabhairt go gcuirfeá aon Cheardlann ‘Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin’ amháin ar a laghad ar fáil laistigh de do phobal le linn mhí Dheireadh Fómhair 2023?

Má tá tú in ann na freagraí ‘Sea/Tá/Bheadh’ a thabhairt ar na ceisteanna sin, cláraigh anois do do sheisiún traenála saor in aisce ar líne agus cuirfear na hacmhainní traenála ar fad a bheidh ag teastáil uait ar fáil duit chun Ceardlann ‘Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin’ a reáchtáil i do phobal. Tá áiteanna teoranta do 20 duine in aghaidh an tseisiúin, mar sin ná déan moill.

Cláraigh tríd an bhfoirm seo chun do spéis a chur in iúl roimh Dé Luain an 4 Meán Fómhair.