Catagóirí Gradaim
An Tionscnamh Litearthachta Meán is Fearr a dhíríonn ar dhaoine óga
Glactar le hiarratas faoin gcatagóir seo ó aon eagraíocht, duine nó comhpháirtíocht a chuir tionscnamh i gcrích (lena n-áirítear tionscadal, acmhainn, oiliúint, taighde nó feachtas) d’fhonn cuidiú lena chur ar chumas leanaí agus daoine óga faoi 18 bliana d’aois atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann, scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
Déan iarratas ar an nGradam don Tionscnamh Litearthachta Meán is Fearr a dhíríonn ar dhaoine scothaosta
Glactar le hiarratas faoin gcatagóir seo ó aon eagraíocht, duine nó comhpháirtíocht a chuir tionscnamh i gcrích (lena n-áirítear tionscadal, acmhainn, oiliúint, taighde nó feachtas) d’fhonn cuidiú lena chur ar chumas daoine scothaosta 65 bliana d’aois nó níos sine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann, scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
Déan Iarratas ar an nGradam don Tionscnamh Litearthachta Meán Pobalbhunaithe is Fearr
Glactar le hiarratas faoin gcatagóir seo ó aon eagraíocht, duine nó comhpháirtíocht a chuir tionscnamh i gcrích (lena n-áirítear tionscadal, acmhainn, oiliúint, taighde nó feachtas) d’fhonn cuidiú lena chur ar chumas daoine a bhaineann le dream faoi leith den phobal (ó thaobh cúrsaí tíreolaíochta nó saintréithe eile) atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann, scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
Déan Iarratas ar an nGradam don Tionscnamh Litearthachta Meán Ginearálta is Fearr
Glactar le hiarratas faoin gcatagóir seo ó aon eagraíocht, duine nó comhpháirtíocht a chuir tionscnamh i gcrích (lena n-áirítear tionscadal, acmhainn, oiliúint, taighde nó feachtas) a chuidigh (go díreach nó go hindíreach) lena chur ar chumas daoine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad. Níl srian leis an modh inar féidir tionscadal nó tionscnamh a chur i bhfeidhm, Oiliúint, Taighde, Clár Caidrimh, Tionscadal, Acmhainní, Abhcóidíocht, Craobhchóras Caidrimh a Chruthú, Cistíocht nó eile..
Gradam don Tionscnamh Litearthachta Meán is Fearr faoi Stiúir na Meán
Glactar le hiarratas faoin gcatagóir seo ó aon eagraíocht meán cumarsáide, saothraí gairmiúil sna meáin chumarsáide nó comhpháirtíocht meán cumarsáide a shaothraigh go seasta leanúnach ag treisiú le hobair LMÉ agus/nó ag cur teachtaireachtaí faoi litearthacht maidir leis na meáin chumarsáide chun cinn ar a gcuid cainéal, ar bhealach atá neartaitheach spéisiúil ag daoine a bhfuil cónaí orthu ar oileán na hÉireann.