Maidir leis na Gradaim
Is é atá d’aidhm le clár na nGradam LMÉ, a eagraítear le tacaíocht ó Choimisiún na Meán, aitheantas a thabhairt don obair atá ar siúl chun cuidiú le saoránaigh, go háirithe i measc an phobail, scileanna litearthachta maidir leis na meáin chumarsáide a fhorbairt a chuirfidh ar a gcumas an leas is fearr a bhaint as na meáin chumarsáide.
Táthar ag tnúth leis an nuálaíocht, an comhar agus measúnacht a chur chun cinn sa tionscadail, trí chur leis an aird ar réimse leathan na dtionscnamh ar mhaithe le litearthacht sna meáin chumarsáide atá á gcur i gcrích ar fud na hÉireann.
Osclaíonn na hiarratais don bhliain 2025 ar an Aoine, an 23ú Bealtaine. Cuirtear fáilte roimh iarratais as gach áit ar fud oileán na hÉireann – maidir le tionscadail, acmhainní, oiliúint, taighde nó feachtais. Is mian linn eagraíochtaí móra agus eagraíochtaí beaga a spreagadh le hiarratas a chur isteach – scoileanna, leabharlanna nó grúpaí pobail, ardáin ar líne, craoltóirí, lucht tráchtaireachta agus lucht tionchaireachta… agus gach cineál eile eagrais.
Buaileadh le Buaiteoirí Ghradaim LMÉ 2024
Buaileadh le hIarrataisí ar an nGearrliosta 2024
Catagóirí
- An Tionscnamh Litearthachta Meán is Fearr a dhíríonn ar dhaoine óga – tionscnamh ar bith (lena n-áirítear tionscadal, acmhainn, oiliúint, taighde nó feachtas) a chuidigh lena chur ar chumas leanaí agus daoine óga faoi 18 bliana d’aois atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann, scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
- An Tionscnamh Litearthachta Meán is Fearr a dhíríonn ar dhaoine scothaosta – tionscnamh ar bith (lena n-áirítear tionscadal, acmhainn, oiliúint, taighde nó feachtas) a chuidigh lena chur ar chumas daoine scothaosta 65 bliana d’aois nó níos sine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann, scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
- An Tionscnamh Litearthachta Meán Pobalbhunaithe is Fearr – tionscnamh ar bith (lena n-áirítear tionscadal, acmhainn, oiliúint, taighde nó feachtas) a chuidigh lena chur ar chumas daoine a bhaineann le dream faoi leith den phobal (ó thaobh cúrsaí tíreolaíochta nó saintréithe eile) atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann, scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
- An Tionscnamh Litearthachta Meán Ginearálta is Fearr – tionscnamh ar bith (lena n-áirítear tionscadal, acmhainn, oiliúint, taighde nó feachtas) a chuidigh (go díreach nó go hindíreach) lena chur ar chumas daoine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad. Níl srian leis an modh inar féidir tionscadal nó tionscnamh a chur i bhfeidhm, Oiliúint, Taighde, Clár Caidrimh, Tionscadal, Acmhainní, Abhcóidíocht, Craobhchóras Caidrimh a Chruthú, Cistíocht nó eile.
- An Tionscnamh Litearthachta Meán Chumarsáide is Fearr faoi Stiúir na Meán – eagraíocht meán cumarsáide, saothraí gairmiúil sna meáin chumarsáide nó comhpháirtíocht meán cumarsáide a shaothraigh go seasta leanúnach ag treisiú le hobair LMÉ agus/nó ag cur teachtaireachtaí faoi litearthacht maidir leis na meáin chumarsáide chun cinn ar a gcuid cainéal, ar bhealach atá neartaitheach spéisiúil ag daoine a bhfuil cónaí orthu ar oileán na hÉireann.
- Gradam na Moltóirí – Is de rogha na moltóirí amháin an gradam speisialta seo a bhronnadh. Ní féidir iarratas ná ainmniúchán a chur isteach ina leith. Ní bhronntar é ach amháin sa chás go n-aontaíonn na Moltóirí go bhfuil aitheantas tuillte ag tionscadal faoi leith nó ag duine faoi leith mar gheall ar chion mór tairbhe a dhéanamh i ndáil le litearthacht maidir leis na meáin chumarsáide a chur chun cinn in Éirinn.
Dátaí:
- An dáta tosaigh maidir le hiarratais: 23 Bealtaine 2025
- An dáta deiridh maidir le hiarratais: 14 Iúil 2025
- Beidh sonraí faoi dáta agus suíomh na ngradaim amach níos déanaí
Trofaí
Gheobhaidh na buaiteoirí an trófaí álainn lámh-dhéanta seo, chomh maith le haitheantas náisiúnta don obair go ndéanann siad.
