T&C maidir le Gradaim LMÉ
Ní mór d’iontrálacha bailí treoirlínte ginearálta an chomórtais agus na treoirlínte catagóirí ábhartha a chomhlíonadh.
Eolas Ginearálta
- Níl aon costas chun iontráil a dhéanamh ar an nGradaim.
- Is éard atá in iontráil bhailí ná foirm iontrála atá comhlánaithe go hiomlán, trí úsáid a bhaint as suíomh gréasáin medialiteracyireland.ie. Ba cheart an fhaisnéis tacaíochta a théann leis an iontráil a uaslódáil leis an bhfoirm iontrála NÓ é a sheoladh ar ríomhphost chuig info@medialiteracyireland.ie roimh mheán oíche an 10 Feabhra 2023.
- Roghnóidh painéal neamhspleách moltóirí an iontráil bhuaiteach i ngach catagóir as na hiontrálacha bailí a fuarthas. Is cinneadh críochnaitheach é an cinneadh agus ní dhéanfar aon chomhfhreagras ina leith.
- Tá an tionscnóir eisiata ó dhliteanas i leith aon chaillteanas, damáiste nó díobháil a d’fhéadfadh tarlú don bhuaiteoir mar gheall gur ghlac sé/sí leis an ngradam.
- D’fhéadfadh sé go n-iarrfar ar an mbuaiteoir páirt a ghlacadh i bpoiblíocht neamhíoctha a bhaineann le bolscaireacht, poiblíocht a dhéanann an tionscnóir nó a chuideachtaí gaolmhara.
- Áirítear leis na gníomhaíochtaí cur chun cinn, ach níl siad teoranta do na nithe seo a leanas: fógraíocht ar líne, cur chun cinn ar na meáin shóisialta agus trí shuíomh gréasáin www.medialiteracy.ie.
- Taispeánfar na hiontrálacha buaiteacha ar www.medialiteracy.ie agus ar shuíomh gréasáin ball eile den LMÉ agus ar chainéil na meán sóisialta.
- Measfar go nglacfar go hiomlán agus go neamhchoinníollach leis na téarmaí agus coinníollacha maidir le hiontráil chuig na gradaim seo.
- Forchoimeádann Litearthacht sna Meáin, Éire an ceart na téarmaí agus na coinníollacha seo a leasú.
- Beidh na téarmaí agus coinníollacha seo á rialú ag dlíthe na hÉireann agus faoi réir dhlínse Chúirteanna na hÉireann.
- Ní ghlactar le haon fhreagracht i leith iontrálacha atá caillte, moillithe, míthreorach nó neamhiomlán nó iontrálacha nach féidir a sheachadadh nó a chur isteach ar aon chúis theicniúil nó eile. Ní cruthúnas go bhfuarthas an iontráil cruthúnas ar sheachadadh na hiontrála.
- Caithfidh gach iontráil a bheith ina saothar bunaidh de chuid na ndaoine aonair atá i gceist agus níor cheart sárú a dhéanamh ar chearta cóipchirt/trádmhairc
- Ní mór iontrálacha a chur isteach i mBéarla ach is féidir fianaise tacaíochta a chur isteach i nGaeilge
Treoirlínte breise don ‘Idirghabháil litearthachta is fearr sna meáin faoi stiúir na hóige’
- Áirítear le hiontrálacha incháilithe don ‘Idirghabháil litearthachta is fearr sna meáin faoi stiúir na hóige’ aon tionscadal, acmhainn, tionscnamh nó gníomhaíocht a chruthaigh, nó a sheachaid daoine óga in aois scoile (5 – 18), a chuir scil amháin ar a laghad chun cinn faoi mar atá leagtha amach i bPolasaí Údarás Craolacháin na Éireann um Litearthacht sna Meáin.
- Ba cheart go mbeadh an tionscnamh ar siúl idir 1 Feabhra 2022 agus 10 Feabhra 2023.
- Ní mór do dhaoine os cionn 18 mbliana d’aois iontrálacha a chur isteach don ‘Idirghabháil litearthachta is fearr sna meáin faoi stiúir na hóige’ (Is iadsan a bheidh mar phointe teagmhála)
- Caithfidh cead a bheith faighte ag an iarratasóir fásta ó thuismitheoirí/chaomhnóirí na ndaoine óga atá páirteach le hiontráil a chur isteach.
Treoirlínte breise don ‘Idirghabháil litearthachta is fearr sna meáin’
- Áirítear le hiontrálacha incháilithe don ‘Idirghabháil litearthachta is fearr sna meáin’ aon tionscadal, acmhainn, tionscnamh a chuir scil amháin ar a laghad chun cinn faoi mar atá leagtha amach i bPolasaí Údarás Craolacháin na hÉireann um Litearthacht sna Meáin.
- Ba cheart go mbeadh an tionscnamh ar siúl idir 1 Feabhra 2022 agus 10 Feabhra 2023.
- Ní mór do dhaoine os cionn 18 mbliana d’aois iontrálacha a chur isteach don ‘Idirghabháil litearthachta is fearr sna meáin’ . (Is iadsan a bheidh mar phointe teagmhála)
- Caithfidh gach comhpháirtí atá páirteach sa tionscnamh aontú leis an iontráil a dhéanamh.
Treoirlínte breise do ‘Seaimpín na Meán Litearthachta sna Meáin’
- Caithfidh an t-ainmní a bheith ina dhuine nó ina eagraíocht a d’ardaigh próifíl litearthachta sna meáin chumarsáide in Éirinn.
- Caithfidh gníomhaíocht na meán a bheith déanta idir 1 Feabhra 2022 agus 10 Feabhra 2023.
- Féadfaidh an t-ainmní féin (an té a d’fhéadfadh gradam a bhronnadh air/uirthi) nó tríú páirtí iontrálacha don chatagóir seo a chur isteach.
- Is féidir ainmniúcháin don chatagóir seo a dhéanamh i ngan fhios don ainmní.
Treoirlínte breise maidir le “Gradam Rannchuidithe do bhall LMÉ“
- Caithfidh an t-ainmní a bheith ina bhall de LMÉ a rinne (dar leis ainmnitheoir) rannchuidiú sonrach i leith litearthachta sna meáin a chur chun cinn in Éirinn idir 1 Feabhra 2022 agus 10 Feabhra 2023.
- Ní féidir ach le baill LMÉ ainmniúcháin a dhéanamh.
- Ní ghlactar le féin-ainmniúchán don chatagóir seo.
- Is féidir ainmniúcháin don chatagóir seo a dhéanamh i ngan fhios don ainmní.