Skip to main content

Painéal na Moltóirí

Cuirfear foireann moltóireachta le chéile a bheidh comhdhéanta de thriúr, idir bhaill ón LMÉ, agus saineolaithe neamhspleácha ar an LMÉ, do gach gradam. 

Ní cheadaítear do mholtóirí iontráil a chur isteach ar an gcatagóir a bhfuil moltóireacht á déanamh acu féin air, ná a bheith bainteach le hainmniúchán don chatagóir a bhfuil siad ag déanamh moltóireachta air.

Déanfar measúnú ar gach catagóir gradaim faoi na critéir atá leagtha amach thíos agus féadfar ualú a chur i bhfeidhm ar roinnt critéar, ag brath ar an gcatagóir.Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an Phainéil Moltóireachta.Más mian leat a bheith san áireamh don Phainéal Moltóireachta, seol ríomhphost chuig info@medialiteracyireland.ie

Na moltóirí ag déanamh athbhreithnithe ar iontrálacha Gradaim LMÉ 2023

Critéir

Critéir maidir le Gradam chatagóirí 1–4

Critéar 1: Cumas i scileanna LMÉ a chothú sa Spriocghrúpa (C. 3, 5, 6)

Critéar 2: Tionchar an Tionscadail (C. 8)

Critéar 3: Ionchuimsitheacht (C.9)

Critéar 4: Cur chuige maidir leis an gComhar (C.10)

Critéar 5: Cur chuige maidir leis an Nuálaíocht (C.11)

Critéar 6: Próiseas Measúnachta. Baineann an critéar seo leis an bpróiseas measúnachta seachas le torthaí an tionscadail. (C.12)

Critéir maidir le Gradam chatagóir 5

Critéar 1: Litearthacht sna Meáin Chumarsáide a chur chun cinn agus/nó treisiú le Litearthacht sna Meáin, Éire (C. 3, 5, 7, 8)

Critéar 2: Tionchar an Tionscadail (C. 8)

Critéar 3: Ionchuimsitheacht (C.9)

Critéar 4: Cur chuige maidir leis an gComhar (C.10)

Critéar 5: Cur chuige maidir leis an Nuálaíocht (C.11)

Critéar 6: Próiseas Measúnachta. Baineann an critéar seo leis an bpróiseas measúnachta seachas le torthaí an tionscadail. (C.12)

Inghlacthacht 

Gradam Chatagóir 1: An Tionscnamh Litearthachta Meán is Fearr a dhíríonn ar dhaoine óga

  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gurbh leanaí agus daoine óga faoi 18 bliana d’aois atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann an spriocghrúpa.
  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur cuidíodh lena chur ar chumas an spriocghrúpa scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
  • Más rud é gur bhuaigh do thionscnamh gradaim LMÉ cheana féin, féidir iarratas eile a chur isteachmbliana don tionscnamh céana 

Gradam Chatagóir 2: An Tionscnamh Litearthachta Meán is Fearr a dhíríonn ar dhaoine scothaosta 

  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gurbh daoine scothaosta 65 bliana d’aois agus níos sine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann an spriocgrhúpa.
  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur cuidíodh lena chur ar chumas an spriocghrúpa scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
  • Más rud é gur bhuaigh do thionscnamh gradaim LMÉ cheana féin, féidir iarratas eile a chur isteachmbliana don tionscnamh céana

Gradam Chatagóir 3: An Tionscnamh Litearthachta Meán Pobalbhunaithe is Fearr

  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gurbh daoine a bhaineann le dream faoi leith den phobal (ó thaobh cúrsaí tíreolaíochta nó saintréithe eile) atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann an spriocghrúpa.
  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur cuidíodh lena chur ar chumas an spriocghrúpa scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
  • Más rud é gur bhuaigh do thionscnamh gradaim LMÉ cheana féin, féidir iarratas eile a chur isteachmbliana don tionscnamh céana 

Gradam Chatagóir 4: An Tionscnamh Litearthachta Meán Ginearálta is Fearr 

  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur cuidíodh (go díreach nó go hindíreach) lena chur ar chumas daoine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
  • Más rud é gur bhuaigh do thionscnamh gradaim LMÉ cheana féin, féidir iarratas eile a chur isteachmbliana don tionscnamh céana 

Gradam Chatagóir 5: An Tionscnamh Litearthachta Meán is Fearr faoi Stiúir na Meán 

  • Tá de choinníoll leis an tionscnamh gur shaothraigh an eagraíocht meán cumarsáide, saothraí gairmiúil sna meáin chumarsáide nó comhpháirtíocht meán cumarsáide go seasta leanúnach ag treisiú le hobair LMÉ agus/nó ag cur teachtaireachtaí faoi litearthacht maidir leis na meáin chumarsáide chun cinn ar a gcuid cainéal, ar bhealach atá neartaitheach spéisiúil ag daoine a bhfuil cónaí orthu ar oileán na hÉireann.
  • Más rud é gur bhuaigh do thionscnamh gradaim LMÉ cheana féin, féidir iarratas eile a chur isteachmbliana don tionscnamh céana